Tá áthas ar Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Meabhrán Faisnéise agus Ceistneoir Réamhcháilíochta (IMPQQ) a eisiúint maidir leis an gconradh le haghaidh Dearadh Príomhbhonneagair agus Oibreacha Tógála Luas Fhionnghlaise.
Is é seo an chéad chéim i bpróiseas soláthair dhá chéim chun ullmhú do thógáil Luas Fhionnghlaise. Tá BIÉ ag lorg léirithe spéise ó iarratasóirí féideartha ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad. Soláthraíonn an IMPQQ an fhaisnéis is gá d’iarratasóirí le páirt a ghlacadh i gCéim Roghnúcháin an chomórtais. Déanfaidh BIÉ measúnú ar na haighneachtaí chun gearrliosta a chur le chéile de na tairgeoirí a dtabharfar cuireadh dóibh tairiscint a chur isteach le haghaidh na n-oibreacha.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcomórtas seo (lena n‑áirítear dátaí agus riachtanais maidir leis na léirithe spéise a chur isteach) le fáil ag: eTenders