Tá an Fógra Cosanta Sonraí seo á eisiúint ag Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10 (“BIÉ” nó “muid” “sinn”, “ár”). Is é is cuspóir don Fhógra Cosanta Sonraí seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat, ar sonraí iad a d'fhéadfaimis a bhailiú agus a úsáid i dtaca le Tionscadal Luas Fhionnghlaise (an “Tionscadal”) agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a d'fhéadfaimis a bhaint as sonraí den sórt sin i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (“RGCS”), na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, Treoir an Aontais maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach 2002/58/CE, agus aon dlíthe cur chun feidhme náisiúnta, arna leasú nó arna nuashonrú ó am go ham agus do chearta i ndáil le faisnéis phearsanta den sórt sin.
Chun críocha an RGCS, is é BIÉ rialaitheoir sonraí pearsanta den sórt sin.
Is é BIÉ an rialaitheoir maidir lena leithéid de shonraí pearsanta. Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí: A. O'Shaughnessy, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Teil: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
Sonraí Pearsanta a Phróiseálaimid
Is féidir go ndéanfaimis na sonraí pearsanta seo a leanas, nó cuid acu, a bhailiú agus a phróiseáil i ndáil leat i dtaca leis an Tionscadal:
D'fhéadfaimis na sonraí thuasluaite a bhailiú go díreach uait (e.g. sa chás go ndéanann tú teagmháil linn le ceisteanna maidir leis an Tionscadal), sa chás go nglacann tú páirt i bpróiseas comhairliúcháin phoiblí (lena n-áirítear aon aighneachtaí chuig an gCoimisiún Pleanála) nó sa chás go ndéanann tú teagmháil linn mar chuid de phróiseas fíoraithe teidil a bhaineann leis an maoin atá faoi d'úinéireacht).
Bailímid freisin na sonraí pearsanta thuas maidir le húinéireacht/áitíocht maoine agus ráitis phoiblí faoin Tionscadal go hindíreach ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ailt sna meáin, postálacha ar na meáin shóisialta agus cláir phoiblí ar nós Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, etc.
Sonraí a bhailítear go huathoibríoch
Cosúil le formhór na suíomhanna gréasáin, bailímid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile a bhailítear trí chéile ar bhonn na gcuairteoirí uile ar ár suíomh gréasáin. Ní féidir linn an fhaisnéis a bhailímid a úsáid chun tú a aithint nó chun teagmháil a dhéanamh leat. Áirítear leis sin faisnéis dhéimeagrafach, mar shampla, maidir le seoltaí IP úsáideoirí, cineálacha brabhsálaithe agus sonraí staitistiúla anaithnide eile a bhaineann le húsáid ár suíomh gréasáin. Chun eolas a fháil faoi na fianáin a úsáidimid chun cuid den fhaisnéis seo a bhailiú, féach ár mbeartas fianán anseo.
Bunús dlí agus cuspóir próiseála sonraí pearsanta
Féadfaimid catagóirí áirithe sonraí pearsanta a bhaineann leat a bhailiú agus a nochtadh chun na críocha seo a leanas agus ar na boinn dlí atá leagtha amach thíos:
| Catagóir Sonraí Pearsanta | An Cuspóir atá le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil | Bunús dlí |
| Sonraí teagmhála agus faisnéis teagmhála –
Ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, faisnéis a chuirtear ar fáil nuair a dhéanann tú cumarsáid linn trí theachtaireachtaí díreacha ar na meáin shóisialta, teachtaireachtaí/glaonna gutha teileafóin, aghaidh ar aghaidh, comhfhreagras poist, agus tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúla |
Teagmháil a dhéanamh leat chun nuashonruithe a chur ar fáil duit maidir leis an Tionscadal nuair a d’iarr tú nuashonruithe den sórt sin trí luasfinglas.ie, lena n-áirítear maidir le haon oibreacha forbartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leat / le do réadmhaoin.
Ár gcaidreamh leat a bhainistiú go ginearálta mar chuid dár rannpháirtíocht leat maidir le do réadmhaoin. Saincheisteanna a bhainistiú maidir leis na réadmhaoine lena mbaineann feadh an bhealaigh Luas atá beartaithe, lena n-áirítear aon saincheisteanna pleanála nó sláinte agus sábháilteachta, éilimh nó dlíthíocht. A chinntiú go ginearálta go ndéantar an Tionscadal a bhainistiú de réir fheidhmeanna BIÉ faoi reacht agus de réir phrionsabail rannpháirtíocht an phobail i gcinntí a bhaineann leis an gcomhshaol (i.e. trí chomhairliúcháin phoiblí a dhéanamh maidir leis an Tionscadal). |
Airteagal 6(1)(a) den RGCS – Toiliú –Is féidir le síntiúsóirí rogha a dhéanamh chun nuashonraithe a fháil ar an Tionscadal a bhaineann leo/lena réadmhaoin agus a dtoiliú sainráite a thabhairt go bpróiseálfar a gcuid sonraí pearsanta ar an mbealach seo. Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoi alt 11(1)(a) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 (arna leasú) áirítear ar fheidhmeanna BIÉ bonneagar iarnróid éadroim agus iarnróid a sholáthar. Tá freagairt ar chomhfhreagras agus fiosrúcháin ón bpobal, mar aon le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a stiúradh agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a bhaineann le mór-bhonneagar a chumasú, mar chuid d’fheidhmiú agus bainistiú riachtanach BIÉ chun bonneagar iarnróid a sholáthar. |
| Ráitis Phoiblí –
Ainmneacha, ainmneacha úsáideora na meán sóisialta, teideal gairmiúil (nuair is infheidhme), ráitis / tuairimí (maidir leis an Tionscadal) |
Ar mhaithe lenár n-athbhreithniú ar thráchtaireacht phoiblí maidir leis an Tionscadal chun cur ar ár gcumas dearcadh an phobail ar an Tionscadal nó ar ghnéithe áirithe den Tionscadal a thuiscint chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara | Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoi alt 11(1)(a) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 áirítear ar fheidhmeanna BIÉ iarnród éadrom agus bonneagar iarnróid éadroim a sholáthar. Tá rannpháirtíocht leanúnach na bpáirtithe leasmhara riachtanach le go n-éireoidh le soláthar a leithéid de bhonneagar iarnróid éadroim. |
| Sonraí Réadmhaoine (Leabhar Tagartha) –
Ainm, seoladh agus sonraí maidir le maoin atá faoi úinéireacht agat nó a bhí faoi úinéireacht agat roimhe seo nó atá á áitiú agat i gcás ina mbíonn tionchar ag an Tionscadal ar mhaoin den sórt sin, lena n-áirítear taifid mhaoine (e.g. ó Chlárlann na Talún agus ó Chlárlann na nGníomhas), an CA réadmhaoine uathúil, taifid suirbhé, grianghraif den mhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon), sonraí faoi aon chomhaontuithe maoine (e.g. comhaontuithe dlíthiúla) agus sonraí amhail cibé acu an tusa úinéir nó tionónta na maoine. |
D’fhonn cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála chun Ordú Iarnróid a lorg i ndáil leis an Tionscadal, bhí de cheangal ar BIÉ de réir Alt 40 den Acht Iompair (Bonneagair Iarnróid), 2001 arna leasú:
Is éard a bhí i gceist leis sin sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leatsa a phróiseáil mar atá sonraithe i gcolún Chatagóir na Sonraí Pearsanta ar chlé. Ar a bharr sin, d’fhéadfadh sé gur chuimsigh sé seo sonraí maidir lena leithéid de réadmhaoin agus aon leas de do chuid féin sa réadmhaoin seo (lena n-áirítear d’ainm agus do sheoladh) a chur ar fáil don phobal sa chruachóip fhisiceach in oifigí BIÉ, ag Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, san Údarás Náisiúnta Iompair, ag an gCoimisiún Pleanála agus in aon áit eile, de réir mar a ordóidh an Coimisiún Pleanála, chun go mbeifí ag cloí le hoibleagáidí reachtaíochta agus chun na críche sin amháin, agus go leictreonach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Pleanála agus ar shuíomh Luas Fhionnghlaise (https://www.luasfinglasro.ie/. Ina theannta sin, le go mbeifí ag cloí leis an reachtaíocht cóipchirt, déanfar sonraí pearsanta teoranta, i.e. sonraí teagmhála, a bhailiú nuair a dhéanfaidh tú imscrúdú, nó nuair a iarrann tú sliocht ó dhoiciméid an Ordaithe Iarnróid ag na hoifigí thuasluaite. Ar an 28ú Meán Fómhair 2025, dheonaigh an Coimisiún Pleanála Ordú Iarnróid (an ‘tOrdú’) do BIÉ. Tá de cheangal ar BIÉ de réir alt 46 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001, arna leasú,
Cuirfidh BIÉ an Leabhar Tagartha ar taispeáint freisin in oifigí BIÉ, in oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, an Údaráis Náisiúnta Iompair, an Choimisiúin Pleanála agus cuirfidh sé an Leabhar Tagartha ar fáil go leictreonach go ceann tréimhse ocht seachtaine ó dheonú an Ordaithe. Is éard atá i gceist leis seo ná sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leat a phróiseáil mar atá sonraithe sa cholún Catagóir Sonraí Pearsanta ar chlé. |
Airteagal 6(1)(c) agus (e) den RGCS – Is é an bunús dlí atá againn leis an bhfaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil próiseáil den sórt sin riachtanach chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus chun ár dtascanna a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn. Áirítear leis seo oibleagáidí faoi Ailt 37, 40, 46 agus 48 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 (arna leasú). |
| Sonraí réadmhaoine (talamh a fháil go héigeantach) –
Ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, sonraí a bhaineann leis an réadmhaoin atá á fáil lena n-áirítear faisnéis teidil, taifid réadmhaoine (e.g. ó Chlárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas), taifid shuirbhé, CA réadmhaoine uathúil, grianghraif den réadmhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh), mar aon le faisnéis bhreise amhail luachálacha réadmhaoine, gníomhairí a ghníomhaíonn ar do shon, etc. |
Dul i mbun fáil éigeantach réadmhaoine i ndáil leis an Tionscadal de réir an Ordaithe Iarnróid. | Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoin Alt 45 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 (arna leasú) áirítear ar fheidhmeanna agus ar chumhachtaí BIÉ talamh a shonraítear in Ordú Iarnróid a fháil go héigeantach maidir le hiarnród éadrom agus bonneagar iarnróid éadroim a sholáthar. |
Tabhair faoi deara arís nach n-iarrfaidh BIÉ riamh sonraí pearsanta de chatagóir speisialta uait (amhail sonraí a bhaineann le sláinte nó tuairimí polaitiúla). Mar sin féin, ar an drochsheans go ndéanaimid próiseáil ar aon sonraí pearsanta de chatagóir speisialta den sórt sin i gcúinsí ina dtugann tú an fhaisnéis seo go deonach dúinn (mar shampla, i gcomhthéacs rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara) nó go bhfuil sí ar fáil go poiblí (mar shampla, i gcomhthéacs postálacha/ráitis phoiblí ar na meáin shóisialta i ndáil leis an Tionscadal) déanfaimid amhlaidh ar bhonn do thoilithe nó ar an mbonn go bhfuil próiseáil sonraí dá leithéid riachtanach agus comhréireach le comhlíonadh ár bhfeidhmeanna.
Má bhailímid agus má phróiseálaimid aon chatagóir speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leat, ní choinneoimid sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá agus cinnteoimid go scriostar iad go slán nuair nach mbeidh aon ghá dúinn iad a choinneáil.
Faighteoirí Sonraí
Féadfaimid aon chuid de do shonraí pearsanta atá sonraithe sa rannán “Sonraí Pearsanta a Phróiseálaimid” thuas a nochtadh do thríú páirtithe maidir leis na cuspóirí thuas, sna cúinsí seo a leanas:
I dtaca leis an Tionscadal, is iad seo a leanas na príomhsholáthraithe seirbhíse agus na príomhchatagóirí faighteoirí sonraí pearsanta:
|
Faighteoirí Sonraí Pearsanta |
Cuspóirí na Próiseála |
|
Comhairleoirí dlí |
Seirbhísí dlí a sholáthar i dtaca leis an Tionscadal |
|
Soláthraí bogearraí bainistíochta páirtithe leasmhara |
Córas digiteach bainistíochta páirtithe leasmhara a sholáthar |
|
Microsoft |
Néalseirbhísí, próiseáil focal agus seirbhísí ríomhphoist a sholáthar |
|
Ailtirí |
Comhairle a sholáthar ar chúrsaí ailtireachta agus oidhreachta tógtha |
|
Soláthraí seirbhísí priontála |
Soláthar seirbhísí priontála, mar shampla, i ndáil leis na pacáistí fógartha agus deimhnithe atá le cur ar fáil d’úinéirí agus d’áititheoirí maoine a bhfuil tionchar ag an Tionscadal orthu i ndáil leis an Ordú Iarnróid |
|
Soláthraí seirbhíse athbhreithnithe meán |
Seirbhísí athbhreithnithe meán, mar atá sonraithe thuas, a sholáthar |
|
Soláthraí bogearraí seachadta bonneagair |
Comhthimpeallacht Sonraí a sholáthar chun críocha Bainistíocht Faisnéise Gnó (‘BIM’) i dtaca leis an Tionscadal agus le seirbhísí agus tacaíocht forbartha córais |
|
Comhairleoirí seachtracha |
Chun seirbhísí comhairliúcháin agus tacaíochta a sholáthar maidir leis an Tionscadal |
|
Gníomhairí eastáit/luachálaithe |
Chun meastacháin ar chúiteamh a dhéanamh agus comhaontaithe socraíochta a dhéanamh, a chaibidliú agus a bhaint amach i gcomhthéacs aon éadálacha éigeantacha talún |
|
Gníomhairí a oibríonn thar ceann úinéirí réadmhaoine lena mbaineann |
Ar iarratas ón úinéir réadmhaoine ábhartha ar mhaithe le teagmháil a dhéanamh leis an duine sin maidir leis an Tionscadal |
|
Bróicéirí / Soláthraithe Árachais |
Chun táirgí árachais agus seirbhísí árachais a sholáthar do BIÉ |
|
Conraitheoir Foirgníochta |
Ach amháin i gcúinsí teoranta áirithe chun a chinntiú go ndéantar aon oibreacha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ort féin nó ar do mhaoin a bhainistiú go cuí (ach amháin a mhéid is gá) |
Mar atá thuasluaite, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí sonraí pearsanta teoranta áirithe a bhaineann leatsa (i.e. d’ainm agus do sheoladh) agus le do theideal don mhaoin atá le fáil sa Leabhar Tagartha seo a nochtadh do bhaill den phobal a fhaigheann rochtain ar an bhfaisnéis sin trí scrúdú a dhéanamh ar an Leabhar Tagartha ag oifigí BIÉ, Chomhairle Contae Fhine Gall, Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Údaráis Náisiúnta Iompair agus ag an gCoimisiún Pleanála agus/nó trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin Pleanála agus Luas Fhionnghlaise (https://www.luasfinglasro.ie/). Déanfar an fhaisnéis seo a nochtadh a mhéad is gá lenár gcuid oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus cuirtear ar fáil don phobal í ar feadh tréimhse teoranta ama i gcomhréir le hAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 (arna leasú).
Aistrithe Sonraí Trasteorann
I dtaca leis an Tionscadal, féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ('LEE’) chuig soláthraithe seirbhíse sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhfuil sé aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach go gcuireann siad leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí ar fáil de bhun Airteagal 45 den RGCS.
Féadfar catagóirí teoranta de shonraí pearsanta a bhailímid uait a aistriú agus a stóráil i ndlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go soláthraíonn siad leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. I gcúinsí den sórt sin, cinnteoimid go bhfuil cosaintí cuí i bhfeidhm chun aistriú do shonraí pearsanta lasmuigh den LEE a chosaint, is é sin trí chonradh a dhéanamh lena rialaítear an t-aistriú agus ina bhfuil na ‘clásail chaighdeánacha conarthacha’ ceadaithe chun na críche sin ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hAlt 46 den RGCS.
Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta atá déanta againn ina leith sin ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí, ach na sonraí teagmhála thuas a úsáid.
Coinneáil
Coinneoimid do shonraí pearsanta fad agus a mhairfidh an Tionscadal agus ar feadh cibé tréimhse ama tar éis don Tionscadal críochnú agus is gá chun ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh agus, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an Tionscadal lena n-áirítear go dtí go gcríochnófar éadáil na talún agus na réadmhaoine ábhartha ar fad de bhun an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 (arna leasú).
Mar sin féin, i gcás nach gá sonraí pearsanta a choinneáil fad agus a mhairfidh an Tionscadal, mar shampla, i gcás taifeadtaí teachtaireachtaí teileafóin agus formhór na faisnéise athbhreithnithe meán, scriosfar faisnéis den sórt sin a luaithe nach mbeidh gá léi a thuilleadh.
Slándáil Do Chuid Faisnéise
Tá bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí glactha ag BIÉ chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar phróiseáil neamhdhleathach, caillteanas de thaisme, scriosadh nó damáiste. Ár ngníomhairí nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí, cinnteoimid go bhfuil sé de dhualgas orthusan freisin do shonraí a choinneáil slán sábháilte.
Do Chearta
Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
Nuair a phróiseálaimid sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn bunaithe ar do thoiliú, tá sé de cheart agat do chead a tharraingt siar am ar bith, gan cur isteach ar dhlíthiúlacht aon phróiseáil sular tarraingíodh siar toiliú.
Chun aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil i scríbhinn lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag A. O'Shaughnessy, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10 nó ar an teileafón nó trí ríomhphost ar: Teil: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
Tabharfaimid freagra ar d’iarratas laistigh de mhí amháin. Féadfar síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse sin i gcás inar gá, castacht agus líon na n-iarratas á gcur san áireamh. Cuirfimid aon síneadh den sórt sin in iúl duit laistigh de mhí amháin ó d’iarratas.
Déan teagmháil linn
Má tá aon cheist agat faoin bhFógra Cosanta Sonraí seo nó faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí: A. O'Shaughnessy, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Teil: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
I gcúinsí inar lorg tú teagmháil a dhéanamh linn maidir leis an Tionscadal, d'fhonn a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá againn maidir leat cruinn, déan teagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas má athraíonn do shonraí teagmhála - info@luasfinglas.ie
Gearáin
Chun gearán a dhéanamh nó aon imní a ardú faoin gcaoi a n-úsáidimid do chuid faisnéise pearsanta, déan teagmháil linn ar dtús agus déanfaimid iarracht an cheist a réiteach chomh luath agus is féidir.
Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideadh d’fhaisnéis nó ar tugadh aghaidh ar do chearta. Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí https://www.dataprotection.ie/ le haghaidh tuilleadh eolais.
Athruithe ar an bhFógra Cosanta Sonraí seo
Coimeádaimid an ceart chun an Fógra Cosanta Sonraí seo a athrú ó am go ham dár rogha féin amháin. Má dhéanaimid aon athruithe, déanfaimid an dáta “Nuashonraithe Deiridh” a nuashonrú thíos. Déan athbhreithniú ar an bhFógra Cosanta Sonraí seo go tréimhsiúil le haghaidh nuashonruithe.
Uair dheireanach a tugadh cothrom le dáta: 13 Samhain 2025